Go Back

Mitchell McIntyre
Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta
Is cuntasóir cáilithe é Mitchell agus is ball de Chuntasóirí Gairmiúla Cairte Cheanada é. Tá breis agus 10 mbliana de thaithí iarcháilíochta aige ar an iniúchóireacht airgeadais, ar an iniúchóireacht feidhmíochta agus ar an gcuntasaíocht reachtúil.
Chuaigh Mitchell isteach san Oifig in 2022 ón earnáil phríobháideach, áit a raibh freagracht air as tuairisciú reachtúil agus feabhsú próisis. D'oibrigh sé roimhe sin ar feadh roinnt blianta in Oifig Iniúchóir Cúige Saskatchewan, áit a raibh freagracht air as iniúchtaí airgeadais agus as iniúchtaí feidhmíochta araon a dhéanamh.
Ina ról reatha mar Leas-Stiúrthóir Seirbhísí Lárnacha san Oifig, tá Mitchell freagrach as feidhmeanna éagsúla lena n-áirítear acmhainní daonna, airgeadas, rialachas, áiseanna agus oibríochtaí TF. Comhlíonann Mitchell ról an Oifigigh Phearsanra agus feidhmíonn sé freisin mar rúnaí do roinnt de phríomhchomhlachtaí rialachais na hOifige lena n-áirítear an Bord Iniúchóireachta, an Coiste Iniúchóireachta agus an Coiste Bainistíochta Riosca.





